8. Ansin thug taoisigh na bhFilistíneach chuici seacht sreanga bogha úra nár triomaíodh agus rinne sí é a chuibhriú leo.
9. Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Ach bhris sé na sreanga bogha mar a bhrisfeadh snáithe barraigh nuair a bhaineann an tine leis. D'fhan foinse a nirt ina rún dá réir sin.
10. Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: “Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom. Inis dom, le do thoil, cad ba ghá le thú a chuibhriú.”
11. D'fhreagair sé í: “Dá gceanglófaí mé le téada nua nár úsáideadh riamh, ansin chaillfinn mo neart, agus bheinn mar aon fhear eile.”
12. Ansin fuair Dilíleá téada nua agus rinne sí é a chuibhriú leo, agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, ach bhris sé na téada a bhí ar a ghéaga mar a dhéanfadh snáth.
13. Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: “Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom go dtí seo. Inis dom anois cad ba ghá le tú a chuibhriú.” Dúirt sé léi: “Dá ndéanfá seacht ndual gruaige mo chinn a fhí faoin inneach agus an biorán a shocrú go daingean, chaillfinn mo neart agus bheinn mar aon fhear eile.”
14. Chuir sí chun suain é, d'fhigh sí seacht ndual gruaige a chinn san inneach, dhaingnigh an biorán agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Dhúisigh sé as a chodladh, agus tharraing amach idir ábhar agus bhiorán.
15. Dúirt Dilíleá leis: “Conas is féidir duit a rá go bhfuil grá agat dom nuair nach bhfuil iontaoibh agat asam? Rinne tú magadh fúm anois trí huaire agus níor inis tú cá has a dtagann an neart éachtach atá agat.”
16. Lean sí uirthi go dian lá i ndiaidh an lae lena ceisteanna chuige, gan aon sos a thabhairt dó, go dtí go raibh sé bréan go bás den scéal.
17. Nocht sé a rún ar fad di faoi dheireadh; dúirt sé léi: “Níor bhain rásúr riamh le mo cheann; is naizíreach do Dhia mé ó bhroinn mo mháthar. Dá mbearrfaí mo cheann, ansin chaillfinn mo neart, d'éireoinn lag, agus bheinn mar aon fhear eile.”