4. Thit sé i ngrá ina dhiaidh sin le bean i nGleann Shóraec, arbh ainm di Dilíleá.
5. Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus dúirt léi: “Meall é agus faigh amach cá has a dtagann an neart éachtach atá aige, agus conas a d'fhéadfaimís é a chloí agus é a chuibhriú agus a smachtú. Tabharfaidh gach duine againn aon chéad déag seicil airgid mar dhíolaíocht duit.”
6. Dúirt Dilíleá le Samsón: “Inis dom, le do thoil, cá has a dtagann do neart éachtach, agus cad ba ghá le thú a chuibhriú agus thú a smachtú.”
7. D'fhreagair Samsón: “Dá gceanglófaí mé le seacht sreanga bogha úra nár triomaíodh, ansin chaillfinn mo neart agus bheinn mar aon fhear eile.”
8. Ansin thug taoisigh na bhFilistíneach chuici seacht sreanga bogha úra nár triomaíodh agus rinne sí é a chuibhriú leo.
9. Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Ach bhris sé na sreanga bogha mar a bhrisfeadh snáithe barraigh nuair a bhaineann an tine leis. D'fhan foinse a nirt ina rún dá réir sin.
10. Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: “Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom. Inis dom, le do thoil, cad ba ghá le thú a chuibhriú.”
11. D'fhreagair sé í: “Dá gceanglófaí mé le téada nua nár úsáideadh riamh, ansin chaillfinn mo neart, agus bheinn mar aon fhear eile.”
12. Ansin fuair Dilíleá téada nua agus rinne sí é a chuibhriú leo, agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, ach bhris sé na téada a bhí ar a ghéaga mar a dhéanfadh snáth.