8. (Thug clann Iúdá faoi Iarúsailéim agus ghabhadar é. Chuir siad muintir na cathrach chun báis agus an chathair trí thine.)
9. Ina dhiaidh sin ghabh clann Iúdá síos chun catha a chur ar na Canánaigh a bhí ag cur fúthu sna hardáin, sa Neigib agus sna hísleáin.
10. Agus d'ionsaigh Iúdá na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Heabrón - Ciriat Arba a ba ainm do Heabrón anallód - agus chloíodar Séisí agus Aichímeán agus Talmai.
11. Ghabhadar as sin ar aghaidh i gcoinne mhuintir Dheibír - Ciriat Seifir a thugtaí ar Dheibír roimhe sin.
12. Dúirt Cálaeb: “An té a dhéanfaidh Ciriat Seifir a ionsaí agus a ghabháil, tabharfaidh mé Acsá m'iníon mar bhean dó.”
13. Agus ba é Oitníéil mac Canoz, deartháir a ba óige ná Iósua, a ghabh é agus thug sé dó Acsá a iníon mar bhean.
14. Nuair a tháinig sí chuige, thathain [sé uirthi] gort a lorg ar a hathair. Phreab sí anuas dá hasal agus d'fhiafraigh Cálaeb di: “Cad tá uait?”
15. “Tabhair aisce dom; os rud é gur dhíbir tú mé go dúiche an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce freisin,” ar sí leis. Agus thug Cálaeb di na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha.