Breithiúna 1:16-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ghabh clann Hobab an Céineach, athair céile Mhaois, suas le clann Iúdá ó chathair na bPailmeacha go fásach Iúdá sa Neigib i gcóngar Arád, ach d'imíodar agus chuireadar fúthu leis [na hAmailéicigh].

17. Chuir Iúdá chun bealaigh ansin lena dheartháir Simeon agus bhriseadar ar na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Zafat agus chuireadar an áit faoin mbang; uime sin a tugadh Hormá ar an gcathair.

18. [Níor] ghabh Iúdá Gazá lena thailte, ná Aiscileon lena thailte, ná Eacrón lena thailte.

19. Bhí an Tiarna le Iúdá agus ghabh sé na hardáin ach theip air an mhuintir a bhí ag cur fúthu sa mhachaire a chloí mar bhí carbaid iarainn acu.

20. Tugadh Heabrón do Chálaeb de réir mar a dúirt Maois mar gur dhíbir sé triúr mac Anác as.

21. Ach theip ar chlann Bhiniáimin na Iabúsaigh a bhí ina gcónaí i Iarúsailéim a dhíbirt; tá na Iabúsaigh mar sin ina gcónaí le clann Bhiniáimin go dtí an lá inniu in Iarúsailéim.

22. Ghabh teaghlach Iósaef suas mar an gcéanna i gcoinne Bhéitéil, agus bhí an Tiarna leo.

23. Rinne teaghlach Iósaef Béitéil a thaiscéaladh - Lúz a thugtaí ar an gcathair roimhe sin.

Breithiúna 1