20. Dá bharr sin, mar is léir anois, tá tubaistí á gcarnadh orainn mar aon leis an mallacht a rinne Maois, seirbhíseach an Tiarna, ar a ordu, an lá a threoraigh sé ár sinsir as an Éigipt chun tíre a bhfuil mil agus bainne ina slaoda inti, a thabhairt dúinn.
21. Níor éisteamar, áfach, le glór an Tiarna a léiríodh dúinn i mbriathra uile na bhfáithe a chuir sé chugainn.
22. Is amhlaidh a lean gach duine dínn claonta a chroí mhallaithe; dá dheasca sin bhíomar umhal do dhéithe eile agus rinneamar gníomhartha arb olc leis an Tiarna iad.