Apacailipsis (Taispeántadh) 8:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a d'oscail [an tUan] an seachtú séala, tharla ciúnas, mar a bheadh ar feadh leathuaire, sna flaithis.

2. Ansin chonaic mé seacht dtrumpa á dtabhairt do na seacht n‑aingil a bhí ina seasamh os comhair Dé.

3. Agus tháinig aingeal eile agus sheas sé ag an altóir agus túiseoir órga aige; agus tugadh dó iliomad túise le cumasc le hurnaithe na naomh ar an altóir órga a bhí os comhair na ríchathaoireach.

4. Agus chuaigh deatach na túise mar aon le hurnaithe na naomh go léir in airde ó lámh an aingil a bhí os comhair Dé.

5. Ansin thóg an t‑aingeal an túiseoir agus líon é le tine ón altóir agus theilg ar an domhan é. D'éirigh raistí toirní, agus tormáin, agus tintreacha, agus crith talún.

6. Ansin phrapáil na seacht n‑aingil leis na seacht dtrumpaí chun iad a shéideadh.

Apacailipsis (Taispeántadh) 8