Apacailipsis (Taispeántadh) 6:12-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Nuair a d'oscail sé an séú séala, d'fhéach mé; agus tharla crith mór talún, agus dhubhaigh an ghrian mar éadach róin, agus dheargaigh an ghealach go léir mar fhuil,

13. agus thit réaltaí neimhe chun talún faoi mar a scaoileann an crann fígí a chaora geimhridh uaidh nuair a croitheann cóch gaoithe é.

14. Agus bhailigh an spéir léi mar scrolla ag filleadh ar a chéile agus cuireadh gach sliabh agus gach oileán as a n‑ionad.

15. Ansin, ríthe an domhain, agus na maithe móra, agus na cinn feadhma, lucht an tsaibhris agus an nirt, agus gach daor agus saor, chuaigh siad i bhfolach i bpluaiseanna agus i measc carraigeacha na gcnoc,

16. agus iad á rá leis na cnoic agus leis na carraigeacha: “Titigí orainn agus folaigí sinn ar ghnúis an té atá ina shuí sa ríchathaoir agus ar fhearg an Uain;

17. óir tháinig lá mór a fheirge, agus cé a fhéadann é a sheasamh?”

Apacailipsis (Taispeántadh) 6