Apacailipsis (Taispeántadh) 21:24-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Siúlóidh na náisiúin timpeall ina solas, agus tabharfaidh ríthe an domhain a nglóir chuici.

25. Ní dhúnfar a geataí sa lá - agus oíche ní bheidh ansiúd.

26. Tabharfar glóir agus onóir na gciníocha isteach inti.

27. Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.

Apacailipsis (Taispeántadh) 21