Apacailipsis (Taispeántadh) 2:19-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Is eol dom d'oibreacha, agus do ghrá agus do chreideamh, agus do sheirbhís agus d'fhoighne, agus go sáraíonn d'oibreacha le déanaí ar d'oibreacha a chéaduair.

20. Ach tá sé seo agam i d'aghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann banfháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha d'íola a ithe.

21. Thug mé cairde di chun aithrí a dhéanamh, ach ní háil léi aithrí a dhéanamh ina hadhaltranas.

Apacailipsis (Taispeántadh) 2