2. Ansin chonaic mé mar a bheadh farraige de ghloine measctha le tine, agus an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch agus ar a dhealbh, agus ar uimhir a ainm - bhí siad ina seasamh ar an bhfarraige gloine, agus cruiteanna Dé acu,
3. agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá:“Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha,a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh.Is cóir agus is fíor do chasáin,a rí na gciníocha.
4. Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna,agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm?Óir is tú amháin is naofa.Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós,óir foilsíodh do bhreithiúnais.”
5. Ina dhiaidh sin chonaic mé fís! b'shiúd teampall bhoth na fianaise ar oscailt sna flaithis,
6. agus tháinig na seacht n‑aingeal leis na seacht bplá amach as an teampall, agus iad feistithe i línéadach glan gléigeal, agus creasa óir faoina n‑ucht.