Apacailipsis (Taispeántadh) 13:7-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Agus tugadh cead dó cogadh a fhearadh ar na naoimh, agus iad a chloí; agus tugadh údarás dó ar gach treibh agus pobal agus teanga agus cine.

8. Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.

9. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé:

10. “Má tá geibheann i ndán d'aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé.Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh.Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”

11. Ansin chonaic mé, ag éirí ón talamh, beithíoch eile ar a raibh dhá adharc mar uan agus a labhair mar dhragan.

12. Tá cumhacht uile an chéad bheithígh aige seo á cur i bhfeidhm ina láthair; agus cuireann sé faoi deara don domhan, agus do gach duine a áitíonn ann, sléachtadh le hómós don chéad bheithíoch a bhfuil an ghoin bháis air leigheasta.

13. Agus déanann sé comharthaí móra, á chur faoi deara fiú amháin do thine tuirlingt ar talamh ó neamh os comhair daoine.

14. Meallann sé áitritheoirí an domhain leis na comharthaí a cheadaítear dó a dhéanamh os comhair an bheithígh, agus deir sé le háitritheoirí an domhain dealbh a dhéanamh don bheithíoch ar a raibh goin an chlaímh agus a mhair.

15. Agus ceadaíodh dó anam a chur i ndealbh an bheithígh, i dtreo go labhródh dealbh an bheithígh fiú amháin; agus go marófaí cibé duine nach sléachtfadh le hómós do dhealbh an bheithígh.

Apacailipsis (Taispeántadh) 13