Amós 9:6-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Ardaíonn sé a staighre suas chun na bhflaitheas,agus leagann a stua ar an talamh.Glaonn sé ar uiscí na farraigeagus doirteann sé amach iad ar dhromchla na talún.Is é an Tiarna a ainm.

7. “Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach,a chlann Iosrael,” a deir an Tiarna.“Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt,nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftóragus na hAramaeigh ó Chír?

8. Féach, tá súile an Tiarna Dia ar an ríocht pheacúilagus scriosfaidh mé í de dhromchla na talún;ach ní mhillfidh mé teach Iacóib go hiomlán,”a deir an Tiarna.

9. “Óir, féach, ordóidh mé teach Iosraela chraitheadh i measc na gciníocha go léirmar a chraithfeá arbhar le criathar;ach ní thitfidh an gráinne is lú ar an talamh.

Amós 9