2 Samúéil 7:17-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. D'inis Nátán na briathra sin go léir agus an foilsiú sin ar fad do Dháiví.

18. Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: “Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, gur threoraigh tú an fad seo mé?

19. Ach ní leor leat an fad seo, a Thiarna Dia, agus déanann tú do ghealltanais a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn (agus seo é teagasc na ndaoine, a Thiarna Dia).

20. Cad eile is féidir le do shearbhónta Dáiví a rá leat, nuair a rinne tú féin do shearbhónta a roghnú, a Thiarna Dia?

21. Ar son do shearbhónta, [an madra seo leat,] rinne tú rud chomh mór sin nuair a d'fhoilsigh tú é seo do do shearbhónta.

22. Uime sin is mór é thú, a Thiarna Dia; níl aon neach mar thú, níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin.

23. An bhfuil cine eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, ag móradh a ainm agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha agus déithe roimh a phobal?

24. De do phobal Iosrael rinne tú do phobal daingean féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá ina Dhia acu feasta.

25. Anois, a Thiarna Dia, coinnigh i gcónaí an gealltanas a thug tú do do shearbhónta agus dá theaghlach, agus déan mar a dúirt tú.

2 Samúéil 7