2 Samúéil 11:2-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Ardtráthnóna agus Dáiví ag spaisteoireacht ar dhíon an pháláis tar éis éirí óna leaba dó, tharla go bhfaca sé ón díon bean a bhí á folcadh féin. Bhí an bhean an-dathúil.

3. Chuir Dáiví tuairisc na mná seo agus dúradh leis: “Ar ndóigh sin í Baitseaba, iníon Eilíám, bean Úiríá an Hiteach.”

4. Ansin sheol Dáiví teachtairí amach lena tabhairt chuige. Tháinig sí chuige agus luigh sé léi; bhí a fuil mhíosta tagtha agus í direach tar éis í féin a ghlanadh. D'imigh sí abhaile arís ansin.

5. Ghabh an bhean gin agus chuir sí scéala chuig Dáiví: “Tá mé ag iompar clainne.”

6. Ansin chuir Dáiví teachtaireacht ag triall ar Ióáb. “Seol Úiríá an Hiteach chugam.” Sheol Ióáb Úiríá chuig Dáiví láithreach.

7. Nuair a tháinig Úiríá ina láthair chuir Dáiví tuairisc Ióáb agus an airm agus chúrsaí an chogaidh air.

8. Ansin dúirt Dáiví le hÚiriá: “Gabh síos chun do thí agus bíodh spraoi agat.” D'fhág Úiríá an pálás agus cuireadh bronntanas ón rí ina dhiaidh.

2 Samúéil 11