6. Nuair a bhí na crúscaí lán, dúirt sí lena mac: “Sín chugam crúsca eile.” “Níl ceann eile ann,” ar sé léi. Ansin stad an ola.
7. D'imigh sí léi ansin agus dúirt sí sin leis an ngiolla Dé agús d'fhreagair sé:“Imigh agus díol an ola agus díol d'fhiacha agus féadfaidh tú féin agus do chlann maireachtáil ar an bhfuílleach.”
8. Lá dá raibh Eilíseá ar a bhealach go Siúnaem, chuir bean uasal a bhí ina cónaí ann tathant air fanacht agus tráth bia a bheith aige ann. As sin amach dhéanadh sé moill i gcónaí le haghaidh béile nuair a thagadh sé an bealach sin.
9. Dúirt sí lena fear céile: “Féach, táim cinnte gur fear naofa le Dia an fear seo a bhíonn ag síorthaisteal an bealach seo againne.
10. Tógaimis seomra beag ar an díon dó agus cuirimis leaba ann faoina choinne agus bord agus cathaoir agus lampa; uair ar bith dá dtagann sé chugainn, is féidir leis a scíste a dhéanamh ann.”
11. Lá dá dtáinig sé, isteach leis sa seomra in airde agus chuaigh sé a luí.
12. Dúirt sé le Géichizí a shearbhónta: “Glaoigh ar an Siúnaemach seo againn.” Ghlaoigh sé uirthi agus tháinig sí agus sheas os a chomhair.
13. Dúirt Eilíseá: “Abair é seo léi: ‘Féach, rinne tú an cúram seo go léir dínne, cad is féidir dúinn a dhéanamh duit? An bhfuil aon ní ar mhaith leat a déarfaí ar do shon leis an rí nó le ceann feadhna an airm?’ ” Ach d'fhreagair sí: “I measc mo mhuintire féin a mhairimse.”
14. “Cad is féidir a dhéanamh ar a son seo, más ea?” a d'fhiafraigh sé. D'freagair Géichizí: “Leoga, níl mac ar bith aici, agus tá a fear céile aosta.”
15. Dúirt Eilíseá: “Cuir fios uirthi.” Ghlaoigh an searbhónta uirthi agus sheas sí ag an doras.
16. “Bliain ón am seo,” ar seisean, “beidh mac i do bhaclainn agat.” “Cuir uait, a thiarna, a ghiolla Dé; ná hinis bréag do d'ionailt.”
17. Ach ghabh an bhean gin agus rug sí mac um an dtaca sin an t‑earrach a bhí chucu faoi mar a dúirt Eilíseá léi.
18. Nuair a bhí an leanbh fásta chuaigh sé amach lá chuig a athair a bhí in éineacht leis na buanaithe.