2 Ríthe 3:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig Iahórám mac Acháb i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir san ochtú bliain déag de réimeas Iahóiseáfát, rí Iúdá, agus bhí sé dhá bhliain déag i réim.

2. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, cé nach mar a rinne a athair agus a mháthair, mar chuir sé gallán Bhál a rinne a athair as an tslí.

3. Lean sé áfach den pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát pobal Iosrael, agus níor scar sé leis.

4. Ba thógálaí caorach é Méisa rí Mhóáb agus dhíoladh sé céad míle uan agus an lomra ó chéad míle reithe le rí Iosrael mar cháin.

2 Ríthe 3