12. agus sibh ag feitheamh le teacht lá Dé, agus á bhrostú! tríd sin déanfar na spéartha a scriosadh le tine, agus na dúile a leá le teas.
13. Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht.
14. Dá bhrí sin, a chairde cléibh, ós rud é go bhfuil sibh ag súil leis na nithe sin, bígí go dúthrachtach le go bhfaigheadh sé sibh gan locht gan cháim, agus faoi shíocháin.
15. Agus tuigigí gur deis slánaithe foighne ár dTiarna. Scríobh ár ndeartháir dil Pól chugaibh freisin de réir na heagna a tugadh dó,