2 Peadar 3:10-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.

11. Ó tharla go bhfuil gach ní le scriosadh ar an gcuma sin, cén sórt daoine ar cheart daoibh a bheith maidir le hiompar naofa agus le cráifeacht,

12. agus sibh ag feitheamh le teacht lá Dé, agus á bhrostú! tríd sin déanfar na spéartha a scriosadh le tine, agus na dúile a leá le teas.

13. Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht.

14. Dá bhrí sin, a chairde cléibh, ós rud é go bhfuil sibh ag súil leis na nithe sin, bígí go dúthrachtach le go bhfaigheadh sé sibh gan locht gan cháim, agus faoi shíocháin.

2 Peadar 3