16. Thionóil an Macabaech a chuid fear, timpeall sé mhíle a líon, agus ghríosaigh iad gan scéin a bheith orthu roimh an namhaid, agus gan eagla a bheith orthu roimh an mathshlua de ghintlithe a bhí ag teacht ina gcoinne le teann urchóide, ach cath a thabhairt go calma,
17. agus gan dearmad a dhéanamh ar an gcoir uaibhreach éagórach a rinne an dream seo in aghaidh na háite naofa, an ciapadh a bhí á dhéanamh ar an gcathair bhocht gan mheas, agus mar bharr air sin, an scrios a bhí á dhéanamh ar an mbéascna dhúchais.
18. “Bíodh a muinín acusan,” a deireadh sé, “as airm agus gníomhartha gaisce, ach tá muinín againne as Dia Uilechumhachtach, a bhfuil sé ar a chumas, le croitheadh dá cheann, an mhuintir atá ag teacht inár gcoinne a leagan ar lár, agus an domhan go léir in éineacht leo.”
19. Chuir sé i gcuimhne dóibh freisin na huaireanta a thángthas i gcabhair ar a sinsir - an uair úd le linn Shanaichéiríb nuair a cailleadh céad ochtó cúig mhíle,
20. agus an t‑am úd sa Bhablóin nuair nach raibh le cath a chur ar na Galataigh ach ocht míle Giúdach agus ceithre mhíle Macadónach; nuair a bhí na Macadónaigh i gcúngrach scrios an t‑ocht mhíle céad agus a fiche míle tríd an gcabhair a fuair siad ó neamh, agus ghabh siad creach thar cuimse.