6. Mar tuigeadh dó, gan an rí a chur ladair sa ghnó, nárbh fhéidir nithe a riar go síochánta go deo agus nach scoirfeadh Síomón dá bhaois.
7. Tar éis bháis do Sheiliúcas agus Aintíochas ar a dtugtaí Eipifeanaes a theacht i gcomharbacht air sa ríocht, fuair Iásón, deartháir Oinias, an ardsagartacht trí chaimiléireacht;
8. chuaigh sé i láthair an rí agus gheall sé trí chéad agus a seasca tallann airgid dó agus ochtó tallann as foinse éigin eile ioncaim.
9. Gheall sé ina theanntasan go ndíolfadh sé céad go leith eile dá gceadófaí dó feidhm a bhaint as a údarás le giomnáisiam agus gasra ógra a bhunú, agus fir Iarúsailéim a chlárú mar Aintíochaigh.
10. Nuair a d'aontaigh an rí agus gur tháinig [Iásón] i gcumhacht, chrom sé ar a chomhthírigh a thabhairt isteach ar an modh beatha Heilléanach.