19. Dosataes agus Sosapataer, captaein faoin Macabaech, ghluais siad amach agus scrios iad siúd a d'fhág Tiomóid sa daingean, breis agus deich míle fear.
20. Roinn an Macabaech a arm ina dhíormaí agus chuir sé fir i gceannas na ndíormaí agus bhrostaigh sa tóir ar Thiomóid; bhí céad agus a fiche míle troitheach aigesean agus dhá mhíle cúig céad marcach.
21. Nuair a chuala Tiomóid go raibh Iúdás ag druidim leis chuir sé uaidh na mná agus na leanaí agus an bagáiste go dtí áit ar a dtugtar Carnaím, mar bhí an láthair sin deacair le gabháil, agus deacair le dul chuici de bharr cúinge na mbealaí go léir.
22. Nuair a fuarthas radharc ar chéad díorma Iúdáis, tháinig eagla agus scéin ar an namhaid le taibhsiú an té úd a fheiceann gach ní, agus theith siad leo agus chuaigh scaipeadh na mionéan orthu i ngach treo, ionas gur minic a ghoin a gcuid fear féin a chéile, agus gur cuireadh rinn claimhte a chéile iontu.
23. Chuir Iúdás tóir orthu le flosc, agus d'imir faobhar claímh ar na peacaigh agus mharaigh suas le tríocha míle fear.
24. Ghabh Dosataes agus Sosapataer agus a gcuid fear Tiomóid féin. D'impigh sé orthu le barr gliocais é a ligean saor mar go raibh tuismitheoirí a bhformhór agus deartháireacha a lán acu, faoina láimh agus gur gearr an mhoill a bheadh orthu gan é.
25. Gheall sé go sollúnta go ndéanfadh sé iad a thabhairt ar ais slán folláin dóibh, agus dhaingnigh sé an gheallúint le mórán briathra; ansin scaoil siad leis ar mhaithe lena mbráithre a fhuascailt.
26. Ansin ghluais Iúdás in aghaidh Charnaím agus theampall Atargaitis, agus bhásaigh fiche cúig mhíle fear.
27. Nuair a bhí an teitheadh curtha aige ar na naimhde sin, agus iad scriosta aige, mháirseáil sé in aghaidh Eafrón, cathair dhaingean mar a raibh Lisias agus slua mór de gach cine ag cur fúthu. Bhí curaidh óga chalma in eagar catha os comhair na mballaí agus rinneadar cosaint chróga; laistigh mar lámh ar gcúl bhí innill chogaidh agus diúracáin go leor.