2 Macabaech 12:16-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ghabh siad an chathair de dheonú Dé agus chuir líon gan áireamh chun báis i dtreo gur thaibhsigh an loch láimh leo a bheith ag cur thar maoil le fuil cé go raibh sé dhá staid ar leithead.

17. Nuair a bhíodar [nócha cúig mhíle] ar aghaidh ón áit sin tháinig siad go Charax, go dtí na Giúdaigh ar a dtugtar Túibiánaigh.

18. Ní bhfuair siad Tiomóid sa dúiche sin, mar faoin am sin bhí sé imithe leis ón dúiche gan aon ní a chur i gcrích ann, ach gur fhág sé garastún an-láidir in aon áit amháin.

19. Dosataes agus Sosapataer, captaein faoin Macabaech, ghluais siad amach agus scrios iad siúd a d'fhág Tiomóid sa daingean, breis agus deich míle fear.

20. Roinn an Macabaech a arm ina dhíormaí agus chuir sé fir i gceannas na ndíormaí agus bhrostaigh sa tóir ar Thiomóid; bhí céad agus a fiche míle troitheach aigesean agus dhá mhíle cúig céad marcach.

2 Macabaech 12