2 Macabaech 10:5-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Tharla gur ar an lá ceannann céanna a scriosadh an Teampall ag na heachtrannaigh agus a rinneadh íonghlanadh an Teampaill, an cúigiú lá fichead den mhí chéanna, Cisléu is é sin.

6. Cheiliúir siad é ar feadh ocht lá, faoi lúcháir dála féile na dTaibearnacal, agus iad ag cuimhneamh ar conas mar a bhíodar go gairid roimhe sin le linn fhéile na dTaibearnacal, ar seachrán sna sléibhte agus sna pluaiseanna mar ainmhithe fiáine.

7. D'iompair siad géaga gleoite, craobhacha agus pailmeacha, agus thoirbhir iomainn bhuíochais don té a chuir íonglanadh a áite féin i gcrích le séan.

8. Chinneadar freisin le reacht poiblí agus vótáil go ndéanfadh an cine Giúdach go léir na laethanta sin a cheiliúradh gach bliain.

9. Sin é más ea an chríoch a d'imigh ar Aintíochas, ar a dtugtaí Eipifeanaes.

10. Inseoimid anois cad a tharla faoi Aintíochas Eopatór, mac an fhir éagráifigh úd, agus déanfaimid drochiarsmaí na gcogaí a ríomhadh go hachomair.

11. Nuair a tháinig seisean i gcoróin cheap sé Lisias áirithe i bhfeighil cúrsaí mar phríomhghobharnóir ar an gCoíle Síre agus ar Fhéinícia.

12. Ba é Ptoilimí Macrón, mar a thugtaí air, an chéad ghobharnóir a thug ceart do na Giúdaigh agus rinne sé a dhícheall iad a rialú go síochánta agus cúiteamh a dhéanamh ar son a ndearnadh d'éagóir orthu roimhe sin.

13. Dá bharrsan rinne cairde an rí é a chúisiú i láthair Eopatór; ina theanntasan bhí an t‑ainm brathadóir le clos aige á thabhairt air féin ar gach taobh mar gur thréig sé an Chipir a chuir Fileomaetór faoina chúram, agus gur ghabh sé le hAintíochas Eipifeanaes. Nuair a chuaigh de an urraim ba dhual dá phost a bhaint amach, thóg sé nimh agus chuir deireadh lena shaol.

14. Nuair a rinneadh gobharnóir ar an dúiche sin de Ghoirgias, d'fhostaigh sé fórsa amhas agus d'fhear cogadh gan staonadh ar na Giúdaigh.

15. Ina theanntasan bhí na hIdiúmaeigh ag ciapadh na nGiúdach agus daingin thábhachtacha faoina smacht acu; chuiridís fáilte roimh dhíbearthaigh ó Iarúsailéim agus iad ag iarraidh an cogadh a chothú i gcónaí.

16. Rinne an Macabaech agus a chuid fear achainí phoiblí chun Dé ag impí air troid ar a son, agus ansin rinne siad ruathar faoi dhaingin na nIdiúmaech.

17. D'ionsaíodar iad le fuinneamh agus fuair siad seilbh ar na láithreacha, agus chuir an ruaig ar an muintir a bhí ag troid ar an mballa; agus mharaigh siad oiread agus ar éirigh leo teacht orthu, agus d'fhág fiche míle nó breis ar lár marbh.

2 Macabaech 10