5. agus dúirt sí leis an rí: “Ba í an fhírinne, mar sin, a chuala mé i mo thír féin fút agus faoi do chríonnacht!
6. Go dtí gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár insíodh dom faoi leath do chríonnacht éachtach dáiríre; sáraíonn tú an tuairisc a chuala mé.
7. Nach méanar do do mhná céile!
8. Nach méanar do na seirbhísigh seo agat a bhíonn ag síorfhreastal ort agus a chluineann do chríonnacht.
9. Moladh leis an Tiarna do Dhia a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar a ríchathaoir thú mar rí [in ainm] an Tiarna do Dhia. De bhrí go bhfuil grá bithbhuan ag an Tiarna do Iosrael, agus gur mian leis é chothú go brách, rinne sé rí díotsa chun an dlí agus an ceart a riar.” Bhronn sí céad fiche tallann óir ar an rí agus lear mór spíosraí agus líoga lómhara. Ní raibh riamh spíosraí mar iad siúd a thug banríon Sheabá do Sholamh rí.