6. Maraigí an t‑uan Cásca, agus naomhaigí sibh féin, agus bígí faoi réir bhur mbráithre le déanamh de réir bhriathar an Tiarna a labhraíodh trí bhéal Mhaois.”
7. Chuir Ióisíá ar fáil do na tuataí, mar íobartaigh Chásca do gach duine a bhí i láthair, tríocha míle uan agus meannán ó na tréada, agus trí mhíle tarbh. Ba as sealúchas an rí an méid sin.
8. Rinne a fheidhmeannaigh soláthar do na híobairtí deonacha ar son an phobail, na sagart agus na Léivíteach. Thug na hardfheidhmeannaigh dhá mhíle sé chéad uan agus meannán agus trí chéad tarbh mar íobartaigh Chásca do shagairt Theampall an Tiarna, Hilcíá, Zacairiá, agus Ichíéil.
9. Cónainiá agus Simeí agus Natanael a dheartháir, agus Haisibiá agus Ichíéil agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, thug siad cúig mhíle uan agus meannán agus cúig céad tarbh mar íobartaigh Chásca do na Léivítigh.