2 Croinicí 33:15-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Ansin thóg sé chun siúil na déithe iasachta agus an t‑íol ó Theampall an Tiarna, agus na haltóirí go léir a thóg sé ar shliabh Theampall an Tiarna agus in Iarúsailéim, agus chaith amach as an gcathair iad.

16. D'atóg sé altóir an Tiarna agus d'ofráil sé íobairtí síochána agus buíochais uirthi, agus d'ordaigh sé do Iúdá seirbhís a dhéanamh don Tiarna, Dia Iosrael.

17. Lean na daoine orthu ag íobairt ar na hardionaid, ámh, ach don Tiarna a nDia amháin.

18. An chuid eile de stair Mhanaise, a urnaí chun a Dhé, agus focail na bhfísithe a labhraíodh leis in ainm an Tiarna, Dia Iosrael, tá siad le fáil in Annála Ríthe Iosrael.

19. A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe].

20. Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus d'adhlacadar ina phálás é, agus tháinig a mhac Ámón i gcoróin ina áit.

21. Bhí Ámón dhá bhliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain i gcoróin in Iarúsailéim.

22. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne Manaise a athair. D'ofráil sé íobairtí agus ómós do na híola go léir a rinne Manaise a athair.

2 Croinicí 33