2 Croinicí 31:6-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Agus muintir Iosrael agus Iúdá a chónaigh i gcathracha Iúdá, thug siad isteach deachú den eallach agus de na caoirigh, agus de na nithe naofa a bhí tíolactha don Tiarna a nDia, agus rinneadar iad a leagan ina gcairn ansiúd.

7. Sa tríú mí chrom siad ar na cairn a charnadh, agus bhí deireadh déanta acu sa seachtú mí.

8. Nuair a tháinig Hiziciá agus a fheidhmeannaigh an treo agus go bhfaca siad na cairn, mhol siad an Tiarna agus a phobal, Iosrael.

9. Agus cheistigh Hiziciá na sagairt agus na Léivítigh faoi na cairn.

10. D'fhreagair Azairiá, an t‑ardsagart de theaghlach Zádóc, é agus dúirt: “Ó thosaíodar ag tabhairt na mbronntanas go Teampall an Tiarna, tá ár sáith á ithe againn agus tá fuílleach fós fágtha; óir chuir an Tiarna a bheannacht ar a phobal; tá an cnocán mór seo fágtha.”

11. Ansin thug Hiziciá ordú dóibh seomraí a ullmhú i dTeampall an Tiarna agus rinneadar amhlaidh.

12. Ansin thug siad isteach na bronntanais, na deachúna agus nithe coisricthe le coimeád in áit shábháilte. Ba é an Léivíteach Cónainiá an feidhmeannach a bhí i gceannas orthu, agus Simeí, a dheartháir, sa dara háit.

13. Ceapadh Ichíéil, Azaiziá, Nachat, Asáhael, Irímeot, Iózábád, Eilíéil, Ísmiciá, Machat, agus Banáiá, mar mhaoir faoi cheannas Chónainiá agus a dhearthár Simeí, trí ordú ón rí Hiziciá agus Azairiá, reachtaire theach Dé.

14. Cuireadh Córae mac Imneá an Léivíteach, garda an gheata thoir, i bhfeighil na n‑íobairtí deonacha do Dhia, le roinn ar leith an Tiarna agus na hofrálacha sárnaofa a chur i leataobh.

2 Croinicí 31