14. D'fhág an t‑arm dá bhrí sin na bránna agus an chreach ansiúd i láthair na dtaoiseach agus an chomhthionóil go léir.
15. Ainmníodh daoine ar leith agus d'éirigh siadsan agus thug aire do na bránna; aon chuid acu a bhí gan éadach, thug siad éadach ón gcreach dóibh; thug siad éadaí agus cuaráin dóibh, bia agus deoch; agus chuir ola orthu; chuir siad na daoine leonta ina measc ar muin asal agus thug ar ais iad go dtí a ngaolta in Ireachó, cathair na bpailmeacha. Ansin d'fhill siad go dtí an tSamáir.
16. Chuir Áchaz rí fios ar ríthe na hAsaíre le teacht i gcabhair air.
17. Rinne Eadóm ionradh arís agus bhris siad ar Iúdá, agus thug siad bránna leo.
18. Bhí na Filistínigh ag creachadh na gcathracha ar na hísleáin agus i Neigib Iúdá. Ghabh siad Béit Seimis, Aiálón, Gadaerót, Sócó lena bhailte máguaird, Timneá lena bhailte máguaird, Gimzeo lena bhailte máguaird, agus chuir siad fúthu iontu.
19. Rinne an Tiarna Iúdá a umhlú de bharr Áchaz rí Iosrael mar go ndearna sé faillí ar Iúdá agus feall ar an Tiarna.
20. Tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre ina choinne, chuir léigear air ach theip air é a chloí.
21. Thóg Áchaz cuid den mhaoin i dTeampall an Tiarna agus i bpálás an rí agus na dtaoiseach agus thug mar cháin do rí na hAsaíre é, ach ní bhfuair sé aon ní uaidh dá thairbhe.
22. Ina chruachas dó, d'éirigh sé níos mídhísle fós, an rí Áchaz:
23. d'ofráil sé íobairtí do dhéithe na Damaisce a chloígh é agus dúirt: “De bhrí gur thug déithe ríthe Arám cabhair dóibhsean, déanfaidh mé íobairt chucu le súil go gcabhróidh siad liomsa.” Ach thug siad an mí-ádh sa mhullach air féin agus ar Iosrael.