2 Croinicí 25:26-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. An chuid eile de stair Amaiziá, ó thús deireadh, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael?

27. Ón uair a d'iompaigh Amaiziá ón Tiarna, bhí comhcheilg ar siúl ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís, ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é.

28. Iompraíodh ar ais ar chapaill é agus adhlacadh é i gcathair Dháiví lena shinsir.

2 Croinicí 25