2 Croinicí 25:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí Amaiziá cúig bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Iahóadán ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair.

2. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níor le croí gan locht é.

3. A luaithe a bhí greim daingean aige ar a ríocht, chuir sé chun báis na feidhmeannaigh úd a mharaigh a athair, an rí.

2 Croinicí 25