1. Chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsear, agus cuireadh é i gcathair Dháiví. Tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air.
2. Bhí [seisear] deartháireacha ag Iahórám, clann mhac Iahóiseáfát: Azairiá, Ichíéil, Zacairiá, Azairiáhú, Míocáéil, Seafaitiá; clann mhac Iahóiseáfát rí Iúdá iadsan go léir.
3. Bhronn a n‑athair a lán bronntanas airgid, óir agus seod agus cathracha daingne in Iúdá orthusan, ach bhronn sé an choróin ar Iahórám mar gurbh é an chéadghin.
4. Nuair a tháinig Iahórám i gcoróin i ndiaidh a athar agus gur dhaingnigh sé a ghreim uirthi, chuir sé a dheartháireacha go léir chun báis le faobhar claímh, agus cuid d'oifigh Iosrael chomh maith leo.
5. Bhí Iahórám dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i réim in Iarúsailéim.
6. Lean sé sampla ríthe Iosrael mar a bhí déanta ag sliocht Acháb, mar go raibh sé pósta le hiníon Acháb. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.
7. Ach ní scriosfadh an Tiarna teaghlach Dháiví de bharr an chonartha a rinne sé le Dáiví agus de bhrí go raibh sé dílis don ghealltanas a thug sé go bhfágfadh sé lampa aige féin agus ag a shliocht go brách.