2 Croinicí 20:24-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Nuair a shroich muintir Iúdá an áit óna bhfuil radharc ar an bhfásach agus gur thug siad aghaidh ar an mathshlua, féach, ní raibh ach corpáin gan anam sínte ar an talamh; níor fágadh fear inste scéil.

25. Tháinig Iahóiseáfát ansin agus a shluaite lena gcreachadh agus fuair siad mórchuid eallaigh agus maoine agus éadaí agus seod; bhailíodar thar mar ab fhéidir leo a bhreith leo; bhí an chreach chomh mór sin go rabhadar trí lá á cruinniú.

26. Ar an gceathrú lá thionóil siad i nGleann na Beannachta mar ar bheannaíodar an Tiarna go dearfa; uime sin atá an t‑ainm Gleann na Beannachta á thabhairt ar an áit go dtí inniu féin.

27. Ansin d'fhill muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir, faoi cheannas Iahóiseáfát, ar ais go Iarúsailéim faoi lúcháir; óir bhí ábhar lúcháire faoina naimhde faighte acu ón Tiarna.

28. Thángadar go Iarúsailéim, agus go Teampall an Tiarna, le ceol cláirsí agus cruite agus stoic;

29. agus tháinig eagla Dé ar ríochtaí uile na dtíortha iasachta nuair a chuala siad conas mar a throid an Tiarna in aghaidh naimhde Iosrael.

2 Croinicí 20