2 Croinicí 17:13-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. bhí lón mór aige i gcathracha Iúdá. Bhí buíon saighdiúirí gaiscígh ghroí, in Iarúsailéim.

14. Seo mar a rangaíodh iad de réir finí: de Iúdá, mar cheannairí míle: Adná an ceannaire le trí chéad míle curadh calma;

15. faoina cheannas-san Iahóchánán an ceannaire le dhá chéad agus a hochtó míle fear;

16. faoina cheannas-san Amásá mac Zicrí, óglach i seirbhís an Tiarna, le dhá chéad míle curadh calma.

17. De Bhiniáimin: Eiliádá gaiscíoch calma, le dhá chéad míle fear iompartha bogha agus scéithe;

18. faoina cheannas-san Iahózábád le céad agus a hochtó míle armtha chun cogaidh.

19. Sin iad na fir a bhí ag déanamh seirbhíse don rí seachas an mhuintir a chuir an rí san cathracha daingne ar fud Iúdá ar fad

2 Croinicí 17