2 Croinicí 17:12-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Chuaigh Iahóiseáfát i neart agus i neart. Thóg sé daingin agus cathracha stóir in Iúdá;

13. bhí lón mór aige i gcathracha Iúdá. Bhí buíon saighdiúirí gaiscígh ghroí, in Iarúsailéim.

14. Seo mar a rangaíodh iad de réir finí: de Iúdá, mar cheannairí míle: Adná an ceannaire le trí chéad míle curadh calma;

15. faoina cheannas-san Iahóchánán an ceannaire le dhá chéad agus a hochtó míle fear;

2 Croinicí 17