10. Thit eagla an Tiarna ar ríochtaí uile na gcríoch i gcóngar Iúdá agus ní dhearna siad cogadh ar Iahóiseáfát.
11. Thug cuid de na Filistínigh bronntanais go dtí Iahóiseáfát agus airgead mar cháin; thug na hArabaigh féin seacht míle seacht gcéad reithe agus seacht míle seacht gcéad pocán gabhair.
12. Chuaigh Iahóiseáfát i neart agus i neart. Thóg sé daingin agus cathracha stóir in Iúdá;
13. bhí lón mór aige i gcathracha Iúdá. Bhí buíon saighdiúirí gaiscígh ghroí, in Iarúsailéim.
14. Seo mar a rangaíodh iad de réir finí: de Iúdá, mar cheannairí míle: Adná an ceannaire le trí chéad míle curadh calma;
15. faoina cheannas-san Iahóchánán an ceannaire le dhá chéad agus a hochtó míle fear;
16. faoina cheannas-san Amásá mac Zicrí, óglach i seirbhís an Tiarna, le dhá chéad míle curadh calma.
17. De Bhiniáimin: Eiliádá gaiscíoch calma, le dhá chéad míle fear iompartha bogha agus scéithe;
18. faoina cheannas-san Iahózábád le céad agus a hochtó míle armtha chun cogaidh.