2 Croinicí 14:6-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. “Déanaimis na cathracha seo a atógáil,” ar sé le Iúdá, “agus cuirimis ballaí agus túir, geataí agus sparraí, timpeall á gcosaint. Fágfar an tír seo fúinn mar lorgamar an Tiarna ár nDia; lorgamar é agus thug sé síocháin dúinn ar gach taobh.” Rinneadar an tógáil dá bhrí sin agus bhí an rath orthu.

7. Bhí arm de thrí chéad míle fear ó Iúdá le sciatha agus gathanna ag Ásá; agus dhá chéad ochtó míle fear ó Bhiniáimin a d'iompair sciath agus a láimhseáil bogha; gaiscígh thréana iadsan go léir.

8. Tháinig Zearach an Cúiseach le harm milliún fear agus trí chéad carbad amach ina gcoinne agus tháinig sé chomh fada le Máraeiseá.

9. Chuaigh Ásá amach ina gcoinne agus chuir cóiriú catha ar a shluaite i nGleann Zafátá ag Máraeiseá.

10. Ghlaoigh Ásá chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “ní féidir le haon duine ach tusa seasamh leis an lag in aghaidh an láidir. Cabhraigh linn, a Thiarna ár nDia, mar tá muinín againn asat, agus is i d'ainmse atáimid ag dul in aghaidh an tslua seo. A Thiarna, is tú ár nDia; fágadh an duine gach ní fútsa.”

2 Croinicí 14