7. “Má bhíonn tú cneasta leis an bpobal seo,” ar siad, “agus má bhíonn tú lách leo, agus má bhíonn tú cóir leo, beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.”
8. Ach dhiúltaigh sé don chomhairle a thug na seanóirí dó agus chuaigh sé i gcomhairle leis na hógánaigh, a d'fhás suas leis féin, a bhí ina sheirbhís.
9. “Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt ar an muintir seo a dúirt liom: ‘Bog dínn an chuing a leag d'athair orainn’?”
10. Agus d'fhreagair an dream óg a d'fhás suas leis agus dúirt leis: “Tabhair an freagra seo ar an muintir úd a dúirt: ‘Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar, ach déan é a éadromú dúinn’ - abair é seo leo: ‘Is raimhre mo lúidín ná coim m'athar.
11. Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”
12. An tríú lá tháinig Iarobám agus an pobal go léir go Rachabám, faoi mar a d'ordaigh an rí á rá: “Tagaigí chugam arís an treas lá.”