6. Ghabh Solamh suas ansiúd ar an altóir chré-umha, a bhí taobh le Both na Teagmhála, i bhfianaise an Tiarna, agus d'ofráil míle ofráil uileloiscthe uirthi.
7. Thaispeáin an Tiarna é féin do Sholamh an oíche sin agus dúirt: “Cibe rud is main leat a fháil uaim iarr orm é.”
8. D'fhreagair Solamh Dia: “Thaispeáin tú barr cineáltais go buan do Dháiví, m'athair; agus rinne tú rí díomsa i gcomharbacht air.
9. A Thiarna, a Dhia, tá an gealltanas a thug tú do Dháiví m'athair comhlíonta anois mar rinne tú rí díom ar phobal atá chomh líonmhar le deannach na talún.