2 Corantaigh 9:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ní gá dom aon ní a scríobh chugaibh faoin mbailiúchán i gcomhair na naomh.

2. Mar tá a fhios agam an díograis atá ionaibh faoi agus bím ag déanamh gaisce asaibh le muintir na Macadóine agus ag rá go bhfuil Acháia faoi réir chuige le bliain anuas. Go deimhin féin is í bhur ndíograis-se a spreag a bhformhór eile chun gnímh.

3. Ach ar eagla nach mbeadh i mo chuid mórtais sa chás seo ach caint dhíomhaoin, táim ag seoladh na mbráithre chugaibh i dtreo go mbeidh sibh ullamh faoi mar a dúirt mé.

4. Mar dá dtagadh roinnt Macadónach le mo chois agus gan sibhse a bheith ullamh rompu, nach ormsa a bheadh an náire, gan trácht oraibh féin - tar éis dom bheith chomh teann sin asaibh?

2 Corantaigh 9