2 Corantaigh 6:9-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis.

10. Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.

11. Tá labhartha againn go hoscailte libh, a mhuintir Choraint; tá ár gcroí ar leathadh romhaibh

12. agus gan aon easpa slí ann daoibh. In bhur gcroí féin atá an chúngracht.

13. Díolaigí an comhar linn, a chlann ó, agus bígí chomh hoscailte céanna.

14. Ná téigí i bpáirtíocht éagothrom le díchreidmhigh. Cén pháirt atá ag an bhfíréantacht leis an urchóid? Cén bhaint atá ag an solas leis an dorchadas?

2 Corantaigh 6