1 Tiomóid 2:2-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. le súil go bhféadfaimis ár saol a thabhairt go diaganta cráifeach faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin.

3. Is maith agus is taitneamhach sin le Dia ár slánaitheoir.

4. Is áil leis go slánófaí an uile dhuine agus go gcuirfidís eolas ar an bhfírinne.

5. Mar níl ann ach aon Dia amháin, agus níl ann ach an t‑aon idirghabhálaí amháin idir Dia agus an cine daonna, mar atá an duine Críost Íosa

6. a thug suas é féin in éiric orthu uile; sin í an fhianaise a tugadh ina mhithidí féin;

7. ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom - ceapadh mise i mo bholscaire agus i m'aspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe.

1 Tiomóid 2