1 Teasalónaigh 1:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d'eaglais na dTeasalónach, i nDia an tAthair agus sa Tiarna Íosa Críost. Grásta chugaibh agus síocháin.

2. Ní stadaimid ach ag gabháil buíochais le Dia mar gheall oraibh uile agus ag cuimhneamh oraibh gan staonadh inár n‑urnaithe.

3. Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.

4. A bhráithre, a bhfuil gnaoi Dé oraibh, tá a fhios agaibh mar a roghnaigh sé sibh;

5. mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh. Agus tá a fhios agaibhse mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc, ar mhaithe libh.

1 Teasalónaigh 1