13. Go dtuga an Tiarna breithiúnas idir mé agus thú; go mbaine an Tiarna éiric díot ar mo shon; ach ní leagfaidh mise lámh ort.
14. (Seanfhocal le sinsireacht é: ‘Tagann an urchóid ón duine urchóideach,’ ach ní leagfaidh mise lámh ort.)
15. Cé ina dhiaidh ar tháinig rí Iosrael amach? Cé air a bhfuil tú sa tóir? Ar mhadra marbh? Ar dhreancaid?
16. Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh mar sin agus go dtuga sé breithiúnas idir mé is tú; go bhféacha sé chuige agus breithiúnas a thabhairt ar mo shon agus mé a shaoradh ó do láimh.”
17. Nuair a bhí deireadh ráite ag Dáiví le Sól, dúirt Sól: “An é sin do ghuthsa, a Dháiví, a mhic?” Agus ghoil Sól os ard.
18. “Is ionraice thusa ná mise,” ar sé le Dáiví, “óir chúitigh tusa mise leis an maith, ach chúitigh mise thusa leis an olc.