1 Samúéil 22:1-2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'imigh Dáiví leis ón áit sin agus chuaigh i bhfolach in uaimh Adulám. Chuala a dheartháireacha agus muintir a athar go léir é sin agus chuadar síos ansiúd chuige.

2. Lucht anó agus gátair, agus fiach, agus aon duine a raibh gearán aige, chruinníodar go léir chuige, agus bhí sé mar cheannaire acu. Bhí timpeall ceithre chéad fear ina theannta.

1 Samúéil 22