1. Tháinig Dáiví ansin go Nob go dtí Aichímeilic, sagart. Tháinig Aichímeilic amach go hurramach in airicis Dháiví agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil tú i d'aonar agus gan aon duine leat?”
2. D'fhreagair Dáiví Aichímeilic sagart: “Thug an rí ordú dom agus dúirt liom: ‘Ná bíodh aon eolas ag aon duine faoin ngnó ar a bhfuilim do do chur, ná faoin ordú atáim a thabhairt duit.’ Maidir le mo shaighdiúirí, tá coinne déanta agam leo ina leithéid seo d'áit.
3. Idir an dá linn, céard atá ar láimh anseo agaibh? Tabhair dom cúig bhuilín nó cibé rud atá ar fáil.”
4. D'fhreagair an sagart Dáiví: “Níl aon arán coiteann ar láimh agam; níl ann ach arán naofa - ar choinníoll gur staon do chuid fear ó mhná.”
5. D'fhreagair Dáiví an sagart: “Bí deimhin de go bhfuil mná coiscthe orainn faoi mar a bhíonn i gcónaí nuair a théim ar eachtra; tá a gcuid coinnithe naofa ag mo shaighdiúirí. Cé gur aistear coiteann é seo, tá a gcuid naofa inniu go cinnte.”