1 Samúéil 18:27-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. d'éirigh Dáiví agus chuir chun bealaigh, é féin agus a chuid fear, agus mharaigh sé dhá chéad de na Filistínigh. Thug Dáiví a dhá gcéad forchraiceann leis agus chomhair ansiúd i láthair an rí iad, ionas go mbeadh sé ina chliamhain ag an rí. Ansin thug Sól a iníon Míceal dó mar bhean.

28. Thuig Sól go dianmhaith ansin go raibh an Tiarna le Dáiví, agus go raibh cion ag [teaghlach Iosrael go léir] air,

29. agus ba mhóide a eagla roimh Dháiví agus rinne de namhaid buan do Dháiví.

30. Théadh taoisigh na bhFilistíneach amach chun catha, ach gach uair a théidís chun catha ba mhó í caithréim Dháiví ná caithréim cheannairí Shóil go léir, agus bhí clú agus cáil dá réir air.

1 Samúéil 18