1. Ach a raibh deireadh ráite aige le Sól bhí anam Iónátán snaidhmthe le hanam Dháiví agus thug Iónátán grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin.
2. Ghlac Sól lena ais é, an lá sin agus ní ligfeadh sé dó filleadh ar theach a athar.
3. Rinne Iónátán conradh le Dáiví go dtabharfadh sé grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin.
4. Bhain Iónátán de an fhallaing a bhí uime agus thug do Dháiví é; mar an gcéanna lena éide chatha, agus fiú a chlaíomh, a bhogha agus a chrios.
5. Cibé uair a ghabhadh Dáiví amach, agus cibé cúram a chuireadh Sól air, ritheadh leis, agus chuir Sól i gceannas na saighdiúirí é. Bhí gean ag an bpobal air agus ag oifigigh Shóil chomh maith.