1 Samúéil 17:56-58 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

56. “Faigh amach,” arsan rí, “cé leis an slataire.”

57. Ag filleadh do Dháiví tar éis ár na bhFilistíneach rug Aibnéar leis é agus thug os comhair Shóil é, agus ceann an Fhilistínigh ina láimh.

58. “Cé leis thú, a fhir óig?” d'fhiafraigh Sól de; d'fhreagair Dáiví: “Le do shearbhónta Ieise ó Bheithil.”

1 Samúéil 17