53. a “Bíodh do shúile ar leathadh i gcónaí d'impí do shearbhónta agus do phobail Iosrael, agus tabhair cluas dóibh i gcónaí nuair a ghlaofaidh siad ort.
54. Mar is tusa a roghnaigh iad ó phobail na cruinne go léir mar oidhreacht agat féin, mar a d'fhógair tú trí Mhaois do shearbhónta, nuair thug tú ár sinsir ón Éigipt amach, a Thiarna Dia.”
55. Nuair a bhí an achainí agus an urnaí seo go léir curtha ag Solamh i láthair an Tiarna, d'éirigh sé dá ghlúine mar a raibh sé lena lámha sínte suas amach chun na bhflaitheas aige os comhair altóir an Tiarna,
56. agus sheas sé agus chuir sé a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir in ard a ghutha á rá:
57. “Moladh leis an Tiarna a thug suaimhneas dá phobal Iosrael de réir gach ar gheall sé; níor theip ar oiread agus ceann de na nithe fónta go léir a gheall sé trí bhéal Mhaois a shearbhónta.
58. Go raibh an Tiarna ár nDia inár dteanntana mar a bhí sé i dteannta ár sinsear; ná tréigeadh sé choíche sinn agus ná caitheadh sé i leataobh sinn.
59. Go n‑iompaí sé ár gcroí chuige féin ionas go leanfaimid a bhealaí go léir agus a aitheanta a choimeád, agus a dhlíthe agus na reachtanna a thug sé dár sinsir.