1 Ríthe 15:25-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Tháinig Nádáb mac Iarobám i gcoróin ar Iosrael sa dara bliain de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé dhá bhliain ina rí ar Iosrael.

26. Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna, agus lean sé drochshampla a athar agus rinne aithris ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú.

27. Rinne Báiseá mac Aichíá de theaghlach Íosácár comhcheilg ina aghaidh agus threascair Báiseá é ag Gibeatón, cathair leis na Filistínigh a bhí faoi léigear ag Nádáb agus ag Iosrael go léir.

28. Mharaigh Báiseá Nádáb agus tháinig i gcomharbacht air sa tríú bliain de réimeas Ásá rí Iúdá.

29. A luaithe agus a tháinig sé i gcoróin, bhásaigh sé teaghlach Iarobám ar fad, gan anacal a dhéanamh ar oiread agus duine beo, ach iad go léir a ídiú, díreach faoi mar a thairngir briathar an Tiarna a labhair sé trína shearbhónta Aichíá ó Shileo,

30. de bharr peacaí Iarobám agus na bpeacaí inar threoraigh sé Iosrael chun peacú agus de bhrí gur ghriog sé an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge.

1 Ríthe 15